The Teaching of Irish in Milford National School
Tá gá le plean scoile Gaeilge chun an curaclam a chur in oiriúnt dár scoil agus a chur i bhfeidhm, chun go mebeidh leanúnachas agus forbairt ó rang go rang agus chun comhthéacs a chruthú d’úsáid na teanga, chun atmasféar Ghaelach a chothú sa scoil, agus chun eolas a chur ar fáil do dhaoine eile, múinteoirí nua ar an bhfoireann ach go háirithe foireann na scoile. Tá an plean ar fad le fáil san oifig.
Múineadh na Gaeilge i Scoil Áth’ a’ Mhuilinn
Fís agus Aidhmeann
(a) Fís (vision)
Tá Scoil Áth a’ Mhuilinn suite I gCaladh an Treoigh Co. Luimní, faoi scáth Ollscoil Luimní agus in aice le Páirc Teicneolaíochta Plassey. Níl aon mhíbhuntáiste sofheicthe ag baint leis an gceantar. Tá níos mó ná cúig chéad dalta, idir bhuachaillí agus cailíní ag freastal ar an scoil. Tagann na páistí ó chian is ó chóngar ar thóir oideachais. Tá clú agus cáil tuillte ag Scoil Áth a’ Mhuilinn ó thaobh spioraid iontach na háite, cumas agus suim na fóirne agus go mórmhór dearcadh dearfach na bpáistí i leith na scoile.
Milford NS is situated in Castletroy, Co Limerick, beside the University of Limerick and Plassey Technological Park. There are more then 500 children, boys and girls, attending the school. Pupils come from near and far to access education at Milford NS. The school has a good reputation for its progressive vision and ethos, the skill and enthusiasm of its staff and also the positive attitude of the children towards the school.
Sé an buntáiste is mó a bhaineann le foghlaim na Gaeilge sa scoil ná an bhéim atá ar an gcultúr, tríd na scoile. Cuirtear peil, camógaíocht agus iomáint ar fáil do ghach uile páiste, idir bhuachaillí agus cailíní, tar éis na scoile faoi láimh na múinteoirí. Múintear an fheadóg stáin mar uirlis ceoil, ag tosú le rang a haon. Bíonn an bhéim, ‘sna na hárdranganna, ar phoirt traidisiúnta. Cuirtear ranganna veidhlíne ar fáil do dhaltaí scoile gach tráthnóna.Buaileann banna ceoil na scoile le chéile go minic. Seineann siad poirt traidisiúnta chomh maith le ábhar nua-aimseartha. Baineann na páistí an taitneamh as an rince Ghaelach,i rith na ranganna Corpoideachais, le cabhair ó rinceoirí gairmiúla atá ag freastal ar an Ollscoil. I rith na bliana tagann buíon de cheoltóirí traidisiúnta ón Ollscoil go Áth a’ Mhuilinn agus seinneann said do ranganna éagsúla na scoile.Is ócáid an thábhachtach í Seachtain na Gaeilge. Bíonn ceolchoirm ar siúl i rith na seachtaine. Úsáidtear an halla i gcómhair drámaí na ranganna agus bíonn an Ghaeilge fite fuaite trí ghach uile taispeántas. Eagraítear Léim Amach Mór, ag baint úsáid as na damhsaí atá foghlamtha ag na páistí, chun airgead a bhailiú do na tíortha bochta. Bíonn béim ar labhairt na Gaeilge tríd na scoile. Ní amháin i rith na seachtaine sin a bhíonn béim ar labhairt na teanga.Fógraítear teachtaireachtaí na scoile tré mheán na Gaeilge. Bíonn cumarsáid idir mhúinteoirí tré mheán na Gaeilge nuair a bhíonn na páistí ina gcomhluadar. Ag fágáil rang a sé ó Scoil Áth á Mhuilinn ba mhaith linn, go mbéadh meas dearfach ag na leanaí ar an teanga Gaelach agus go mbéadh siad in ann cumarsáid simplí a dhéanamh trí Ghaeilge.
In Milford NS there is a huge emphasis on Irish culture. Training in Gaelic football, camogie and hurling is voluntarily offered to boys and girls as an extra-curricular activity after school. The tin whistle is taught in every class from 1st to 6th. The emphasis is on traditional airs, particularly in the senior classes. Violin, accordion and recorder classes are available in the afternoons also, taught by the teachers. The school band and choir meet weekly to practise and they sing and play traditional airs as well as more modern tunes, taking part in events such as the Band Spectacular, Scór na bPaistí and Limerick Choral Festival. The children also learn Irish dancing, both through PE classes, and through classes from professional dancers from the Irish World Academy of Music and Dance in UL. An Irish dancing school also offers classes after school in the gym adjacent to the school. The proximity of the school to UL allows the school to access sessions with trad groups and singers both there and in visits to the school. In March the school hosts Seachtain na Gaeilge, a week of fun, where irish culture is celebrated and enjoyed. The emphasis is on speaking Irish through the week. There are concerts, drámaí, song, dance and music for the whole week, usually culminating in the Léim Amach Mór in the school yard, where the children dress up in Irish costume and can let loose to Irish dance and music. It allows the children the opportunity to demonstrate their mastery of the Irish dances they have been learning through their PE classes. The emphasis on spoken Irish is strong throughout the school year also. General communication throughout the school is in Irish as much as is feasible. The aim is for children leaving the school in 6th class to have a positive attitude to Irish.
(b) Aidhmeanna (Aims)
- An Ghaeilge a úsáid i rith an lae, tríd na scoile, mar ghnáth theanga bheo bhríomhar chumarsáide (to use the Irish language throughout the school day as a viable living language and means of communication)
- Suim a fhorbairt sa theanga (to develop an interest in the language)
- Dúil sa Ghaeilge a chothú (to nurture a love of Irish)
- Dearcadh deimhneach sa Ghaeilge a chur chun cinn i dtreo is go mbainfidh na daltaí taitneamh as (to develop a positive attitude to Irish making it and enjoyable experience for the children)
- Na daltaí a spreagadh chun an teanga a úsáid tré éisteacht agus labhairt na bpáistí a fhorbairt (to stimulate the children to use the Irish language through the development of their listening and speaking skills
- Léitheoireacht agus scríbhneoireacht na ndaltaí a chur chun cinn (to progress the capacity of children to read and write Irish)
- Ceangail a dhéanamh idir na snáitheanna trí chabhair ó ábhair eile (to integrate Irish with other subjects)
- Forbairt iomlán an pháiste a chur san áireamh le linn na Gaeilge ( to ensure the full development of the child through Irish)
- Feabhas a chur ar líofacht, cruinneas agus saibhreas na teanga (To improve fluency, accuracy and the richness of the language)
- An Ghaeilge a chothú mar chuid dár n-oidhreacht agus an ghné is sainiúla den chultúr Gaelach (to nurture the Irish language as part of our heritage and the most relevant aspect of our culture)
Cuspóirí Ginearálta Áth a’Mhuilinn
- Taitneamh a bhaint as foghlaim na Gaeilge tré mhodhanna thaitneamhacha a úsáid
- Cumas cumarsáide na bpáistí a fhorbairt trí chluichí teanga, tascanna, drámaíocht agus comhrá faoi thopaicí a bhfuil spéis aige/aici iontu
- Ábhar teagaisc comhaimseartha,taitneamhach agus spreagúil a úsáid
- Éisteacht go neamhfhoirmiúil le comhrá nach bhfuil sé/sí páirteach ann agus brí a bhaint as
- Cluichí éisteachta beirte agus I ngrúpaí a eagrú chun éisteacht ghníomhach a fhorbairt
- An Ghaeilge a úsáid mar ghnáth theanga chaidrimh na scoile
- Clár réamhléitheoireachta a chleachtadh chun scileanna éagsúla na léitheoireachta a fhoghlaim
- Ábhar taitneamhach a chur ar fáil chun scileanna na léitheoireachta a fhorbairt
- Cluichí léitheoireachta agus cleachtaí a úsáid chun straitéisí éagsúla tuisceana a chothú
- Athdhreachtú a chleachtadh chun tuiscint a fháil ar phróiseas na scríbhneoireachta
- Teicneolaíocht nua-aimseartha a úsáid I gcómhair na scríbhneoireachta agus chun eolas a fháil
- An Ghaeilge a fhoghlaim ar bhealach comhtháite
- An Ghaeilge a mhúineadh mar ionad tábhachtach de chultúr na hÉireann
CURRICULUM
An Curaclam i gcomhair scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga.
There are four strands comprising the curriculum for the teaching of Irish in a Primary School (which is not a Gaelscoil)
ÉISTEACHT (listening)
- Ag cothú spéise go neamhfhoirmiúil sa teagasc
- Ag tuiscint teanga
LABHAIRT (speaking)
- Ag cothú spéise go neamhfhoirmiúil sa teagasc
- Ag úsáid teanga
LÉITHEOIREACHT (reading)
- Ag cothú spéise
- Ag tuiscint teanga
- Ag úsáid teanga
SCRÍBHNEOIREACHT (writing)
- Ag cothú spéise
- Ag úsáid teanga
Téamaí (themes)
Is iad na téamaí ar a bhraitear iomlán na hoibre sa roinn seo a leanas ná iad atá curtha chun cinn sa churaclam ie.
At each class level the content of oral lessons in particular will be based on the ten themes listed below.
- Mé féin (myself)
- Sa Bhaile (at home)
- An Scoil (at school)
- Bia (food)
- Ócáidí speisíalta (special occasions)
- An Teilifís (the TV).
- Ag Siopadóireacht (shopping)
- Éadaí (clothes)
- Caithimh Aimsire (hobbies, leisure activities)
- An Aimsir. (weather)
Catagóirí Feidhmeanna (functions of language)
- Caidreamh sóisialta a dhéanamh
- Soiléiriú a lorg i gcomhrá
- Dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile
- Dearcadh a léiriú agus a lorg
- Eolas a thabhairt agus a lorg
- Struchtúr a chur ar chomhrá
Cur Chuige Cumarsáideach.
In teaching Irish in primary school the big emphasis is on communication. In every aspect of the various strands, the teaching and learning content of the lesson and the methodologies used, communication is foremost. The children will be listening and talking to each other, writing and reading to each other.
I bPlean na Gaeilge tá an bhéim ar an gcumarsáid. I ngach gné den ábhar, na snáitheanna, an t-ábhar teagaisc agus foghlama agus na modhanna múinte cuirtear forbairt na cumarsáide chun tosaigh. Ciallaíonn cumarsáid go mbíonn na páistí ag caint agus ag éisteacht lena chéile, ag scríobh teachtaireachtaí nó nótaí chuig a chéile agus á léamh.
Bíonn trí thréimhse ag baint le teagasc agus foghlaim na Gaeilge.
Réamhchumarsáid | SpreagadhMúscailt suimeIonchur teanga ón múinteoirAithris agus athráCleachtadhCluichí gramadaíGníomhaíochtaí faoi threoir |
Cumarsáid | Tascanna le déanamhCluichí cumarsáideRólanna i suímh réalaíocha agus insamhlaithe Idirghníomhú sóisialtaDrámaíocht, sceitsí, seiftiúPlé, díospóireachtaíSaorúsáid na teanga |
Iarchumarsáid | Féachaint siarCleachtaí gramadaíAnailís na teangaTraschur eolais go tascanna eileCluiche breiseFéachaint ar aghaidh |
Tá ról tábhachtach ag an múinteoir I bhforbairt na cumarsáide. Spreagann sí/sé na daltaí le hábhar suimiúil a bhfuil aige le saol na bpáistí. Tugann sí/sé treoracha dóibh agus bíonn sí/sé mar chomhairleoir acu. Moltar don mhúinteoir an Ghaeilge a úsáid, go neamhfhoirmiúil, sa rang le haghaidh caidrimh agus bainisteoireachta. Le linn an cheachta tá sé de dhualgas ar an múinteoir na trí ghné a leanas a cheangail le chéile chun cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt.
Three aspects of an Irish lesson include the following:
Na gníomhachtaí (activities)
Na téamaí –oiriúnach agus suimiúil don pháiste (content is based on 10 themes)
Na feidhmeanna teanga (language functions- the nuts and bolts of the language)
Is ionann cur chuige cumarsáideach agus go mbíonn an páiste gníomhach, gnóthach I rith an cheachta. Ar dtús foghlaimíonn an dalta an teanga tré aithris, athrá agus cleachtadh na teanga. Ansin baineann sí/sé úsáid as an teanga I gcluichí, I sceitsí nó I ngníomhachtaí cumarsáideacha.Le cabhair ó obair bheirte nó obair ghrúpa bíonn seans ag gach páiste ceisteanna a chur, a fhreagairt agus cumarsáid a dhéanamh
Teaching methodologies: Modhanna Múinte Áth a’ Mhuilinn
An modh díreach: Úsáideann an múinteoir na rudaí atá I gceist aige, mar shampla, breagáin, gréithe nó pictiúir díobh chun cumarsáid a chur ar siúl.
Modh na sraithe: Ceanglaítear sraith abairtí le chéile I bhfoirm scéil agus léirítear iad le pictiúir nó le gníomhartha
Modh na lánfhreagartha gníomhaí: Ní bhíonn I gceist anseo ach freagra fisiceach ón bpáiste. Níl aon bhrú ar an ndalta mar níl focail I gceist I gcómhair freagra.Úsáideann an páiste ball den chorp nó comhartha éigin
An modh closlabhartha: Déanann na daltaí aithris agus athrá ar théip nó ar ghuth an mhúinteora.
An modh closamhairc: Úsáidtear pictiúir chun agallamh a chur ar siúl sa seomra ranga
- Modh na ráite: Baineann na páistí úsáid as nathanna agus múnlaí atá foghlamtha acu chun cumarsáid a chur chun cinn
Feidhmeanna teanga: Is ciall le feidhm teanga ná an úsáid a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir cumarsáide a bhaint amach. M.sh. cuireadh a thabhairt. Tá gá le feidhmeanna teanga a roghnú, a fhorbairt, a mhúineadh agus a úsáid chun go mbeidh;
- an fhoireann ar fad aontaithe ar an gcur chuige.
- Forbairt agus leanúnachas ó rang go rang.
- Treoir agus structúr.
- Go mbeidh na paisti in ann an Ghaeilge atá acu a úsáid.
Ta cóip de na cinn atá roghnaithe ag na múinteoirí chun béim a chur orthu sa scoil seo ar leathanach nua (Feidhmeanna Teanga-Áth a’Mhuilinn.)
Bua na Cainte
Milford National School has introduced a new Irish language programme to Junior and Senior Infants in the academic year 2014/2015. We hope to extend the programme to 1st and 2nd class in the academic year 2015/2016 and continue to roll it out throughout the school as it becomes available The recent launch of the interactive on-line Irish language programme entitled Bua na Cainte by Martina Ní Fhátharta and Seán de Brún is set to revolutionise the teaching and learning of the Irish language in primary schools.
For a number of years now there has been a huge need for a comprehensive Irish language programme for primary schools in Ireland. The Buntús programme, launched in the 1970s, was a structured and innovative programme for its time, but since its demise there was a paucity of good, modern, attractive programmes to address the challenge of Irish language teaching in schools.
The interactive on-line component of Bua na Cainte addresses these challenges as it comprises over 679 activities, 257 conversations and 120 songs and rhymes and 26 stories all of which are animated to the highest standard. Stories are used to great effect to teach the children language in a simple and attractive manner. Bua na Cainte will be enjoyed by pupils and will make a big difference to the teaching and learning of Irish.
A summary of language functions and the language exemplars is provided at the beginning of each theme. Recommendations for assessment and informal use of Irish throughout the school day are included also. The pupil’s book comprises educational activities with a strong emphasis on the use of the language associated with the activities. A unique feature of the pupil’s book is the inclusion of the language for the parents associated with the activities.
“The interactive on-line component is revolutionary in the teaching and learning of Irish”.
“It is the most innovative, child-friendly and exciting programme I have yet encountered”.
Críoch: Na Téamaí
- Mé féin
- Sa bhaile
- An scoil
- Bia
- An teilifís
- Siopadóireacht
- Caitheamh aimsire
- Éadaí
- An aimsir
- Ócáidí speisialta
Áiseanna
Workbook / Textbook : | Bua na CainteBun Go BarrFuaimeanna agus FocailSléibhteGramméir le Chéile |
Supplementary Books: | Maith ThúBualadh BosSin ÉMaith ThúBua na CainteTrína ChéileInis DomTreo NuaGach Aon LáBuail Liom |
Posters: | Maith ThúBualadh BosBun Go Barr |
CDs: | Maith ThúSin ÉD’Aon GhuthMo Cheol ThúBun Go Barr |
Library / Big Books: | Rírá í Seomra na NaíonáinBhí Ocras ar OisínDaidí na NollagBualadh Bos |
TV Programmes: | Cúla 4 ar TG4 |
websites | Bua na Caintewww.cjfallon.ieTG Lurgan – vimeo.com/lurganCúla 4 na nÓgboscabeo.comTG4.ieIs Féidir Liom(Irish for parents) |